Access Keys:

 
 
Bunscoil Bheanna Boirche Bunkers Hill, Castlewellan

Cóineartú Rang 7

19th Apr 2021

Comhghairdeas le Rang 7 a raibh a gCóineartú acu Dé Sathairn in éineacht le daltaí Bliain 8. Cé go raibh sé giota beag difriúil i mbliana, bhí seirbhís ghalánta ar fad againn. Buíochas mór ó chroí leis an Athair Darach as an tseirbhís iontach a dhéanamh dúinn, buíochas mór le múinteoirí Ardscoil Naomh Maolmhaodhóg a chuidigh le daltaí Bliain 8 ullmhú don tsacraimint, buíochas mór lenár dteaghlaigh ar fad a chuidigh leis na daltaí ullmhú don Chóineartú agus ar deireadh, buíochas mór leis na páistí as an obair ar fad atá déanta acu féin le tamall beag anuas agus iad ag ullmhú don Chóineartú. Maith sibh.

 

Congratulations to Rang 7 who had their Confirmation on Saturday alongside our past-pupils currently in Year 8. Although the day was different from how it normally is, we had a lovely service. Heartfelt thanks to Father Darach for performing the service, huge thanks also to the teachers in St. Malachy's High School for helping to prepare the Year 8 pupils, thanks also to all of our families for their help in preparing our pupils for this milestone in their lives, and finally thanks to the pupils for all of the work they have done over the last while in preparing themselves for their Confirmation. Well done.