Access Keys:

 
 
Bunscoil Bheanna Boirche Bunkers Hill, Castlewellan

Oíche Airneáil Rang 6/7

29th Mar 2019

Buíochas mór le gach duine a tháinig amach oíche Dhéardaoin le tacú linn agus muid ag tiomsú airgid don turas Gaeltachta s’againn. Bhí oíche dheas againn le ceol agus drámaíocht ó Rang 6/7 - amhráin, ceol agus damhsa a rinne muid ar na mallaibh don Choirm Gael Linn, agus dráma a rinne muid don Fhéile Scoildrámaíochta fosta. Tá súil againn gur bhain sibh uilig sult as an seó. Tá obair an-mhaith ar fad déanta ag an rang le tamall beag anuas agus tá muid an-bhródúil astu. Ar an oíche, bhailigh muid £233.85 san iomlán. Go raibh maith agaibh as an tacaíocht.

Thanks to all of you who came along on Thursday night to support our fundraising efforts for our upcoming Gaeltacht trip. We had a lovely night full of music and drama from Rang 6/7 - songs, music and dancing we performed recently for Coirm Gael Linn, as well as the play we did for Féile Scoildrámaíochta. We hope you all enjoyed the show. The class have worked incredibly hard on both shows this last while and we’re very proud of them. On the night, we collected a total of £233.85. Thank you all very much for the support.