Access Keys:

 
 
Bunscoil Bheanna Boirche Bunkers Hill, Castlewellan

Reathaíocht Trastíre

2nd Dec 2021

Chuaigh scaifte daltaí ó Ranganna 5,6,7 go Páirc Dhónairt i gCaisleán Nua inniu chun páirt a ghlacadh i rásanna trastíre. Bhí na páistí ag obair go crua gach Déardaoin le roinnt seachtainí anuas ag traenáil don rás inniu agus bhí muid an-bhródúil ar fad astu. D'éirigh go han-mhaith le páistí BBB. Comhghairdeas mór speisialta le Fiachna agus le Maisie i Rang 7 a tháinig beirt sa dara háit sna príomhrásanna, agus comhghairdeas mór fosta le Keeley agus le Mary Ellen a tháinig isteach go maith sa spraoi-rith. Buíochas leis na tuismitheoirí ar fad a tháinig inniu le cuidiú linn, agus buíochas speisialta le Connaire agus le Siobhán as an obair ar fad atá déanta acu le déanaí chun na páistí a dhéanamh réidh, táimid an-bhuíoch.

We sent a squad of pupils from Ranganna 5,6,7 to Donard Park in Newcastle today to take part in a cross-country race meet. The pupils have been working hard every Thursday for this last while training for the races today and we were very proud of how well they all did. Special congratulations must go to Fiachna and Maisie in Rang 7 who both came in second in their respective races. Congratulations also to Mary Ellen and Keeley who placed well in the fun run. Many thanks to all of the parents who volunteered their time today to help us out. Special thanks to Connaire and Siobhán for all of the work they've done recently in helping to train the pupils and organising registration for the event. We're very grateful for all of the help we get from our school community.