Access Keys:

 
 
Bunscoil Bheanna Boirche Bunkers Hill, Castlewellan

Scéim Shamhraidh Ghlór Uachtar Tíre / Summer Scheme

11th Jun 2020

(English below)

Tá cineadh déanta ag coiste Ghlór Uachtar Tíre chun Scéim Shamhraidh a eagrú ar líne idir 6ú-10ú Iúil. Beidh Scéim Shamhraidh na bliana seo dírithe ar pháistí atá ag freastail ar earnáil Ghaeloideachais amháin. Ar ndóigh beidh fócas ar leith sa scéim fosta; beidh an trí sruth a leanas ann:  1) Fá choinne páistí a bhí ag freasatil ar Naíscoil Bheanna Boirche (Caisleán Nua) agus a bheas ag bogadh anonn go dtí an Naíscoil i gCaisleán Uidhilín i mí Meán fómhiar; 2) Fá choine na páistí a bhí ag freasail ar Naíscoil i gCaisleán Uidhilín agus a bheas ag freastail ar Rang 1 i mBunscoil Bheanna Boirche i Mí Mheán Fhómhair; 3) Fá choinne na páistí a bhí i Rang 7 i mBunscoil Bheanna Boirche agus a bheas ag bogadh ar aghaidh go dtí an dara leibhéal oideachais agus a bheas ag dul go dtí ceann de na meánscoileanna áitiúla sa téarma úr.    Seo leanas giota beag eolais faoin dá sruth a bhaineann le aoisghrúpa na Naíscoile agus na Bunscoile:   Páistí Naíscoile Bheanna Boirche a bheas ag bogadh isteach i Rang 1 i mí Mheán fhómhair: Beidh seisiún spraiúil 20 nóiméad ar siúl gach lá i rith na seachtaine eagraithe ag Gráinne Ní Fhlanagáin. Beidh an grúpa roinnte ionas is go mbeidh trí sheisiún ann gach lá le thart fá 5/6 pháiste i ngach grúpa. Beidh ar tuismitheoir a bheith ar a laghad sa seomra céanna nuair atá an seisiún ar siúl.   Ó Thaobh na páistí a bheas ag fágail Rang 7 le dul anonn go dtí na meánscoileanna éagsúla: Beidh dhá sheisiún de 45 nóiméad ann gach lá; 45 nóiméad ar maidin agus 45 noíméad um tráthnóna. Beidh an grúpa seo dírithe ar oidhreacht a dhéanamh; fiseán, nó blóg srl agus beidh imeachtaí suimiúla eile ar siúl acu i rith na seachtaine. Beidh téama mór ag rith trid an seachtain - is é sin na dúshláin agus na h-ionchais atá i gceist le bogadh ar aghaidh chun na mheánscoile. Ní bheidh an ghrúpa seo roinnte os rud é go bhfuil na páistí níos aosta.   Beidh an Sceim Samhraidh ar siúl ar ríomhaire ar córas darbh ainm Collaborate Ultra. Beidh costas £5 an pháiste ar an Sceim Samhraidh (nó £7 an clann má tá níos mó ná páiste amháin ón chlann ag glacadh páirte sa Sceim). Is féidir clárú ar líne ar www.gloruachtartire.com. Tá tuilleadh eolais ar fail ó: 07501 252027 nó gloruachtartire@hotmail.co.uk   Glór Uachtar Tíre's committee has decided to go ahead and run an on-line Scéim Samhraidh this year between Monday 6th July and Friday 10th July. It was agreed that this year's Sceim will focus only on children in the Irish medium education sector. Within that sector there will be a specific focus. We plan to run three streams: 1) For children who attended Naíscoil Bheanna Boirche (Caisleán Nua) and who will move on to Castlewellan's Naíscoil in September; 2) For Children who attended Castlewellan's Naíscoil and who will commence Rang 1 in Bunscoil Bheanna Boirche in September; and 3) For Children who were in Rang 7 in Bunscoil Bheanna Boirche and who plan to move on to secondary level education in any of the high schools in the new term.  The children from Naíscoil Bheanna Boirche who will be moving into Rang 1 in Bunscoil Bheanna Boirche in the new term: The Summer Scheme will entail a 20-minute fun-filled session which Gráinne Flanagan will run for the five days. The cohort will be divided into small groups so Gráinne will run 2 sessions per day for this age group. Gráinne will expect a parent to be present, at least in the smae room, during the 20-minute session each day.    The Children who will be leaving Rang 7 to move onto the various local high schools: There will be two 45 minute sessions per day; 45 minutes in the morning and 45 minutes in the afternoon.  This group will be focusing on producing a legacy from the scheme such as a video or a blog etc and they will also undertake other fun projects throughout the week. There will be a big theme that will run throughout the Summer Scheme, namely the challenges and expectations associated with moving on to high school. As this group is older, it will not be divided up.    The session will be run on-line using Collaborate Ultra. Gráinne is currently using this system in her on-line sessions with the Naíscoil kids and she recommends this system. The sessions will focus on preparing the children for the new term. The Summer Scheme costs £5 (or £7 if a sibling is attending another of the sessions). Parents can register on-line on www.gloruachtartire.com. If the parents require more information, they can contact 07501 252027 or email gloruachtartire@hotmail.co.uk.