Access Keys:

 
 
Bunscoil Bheanna Boirche Bunkers Hill, Castlewellan

Seó na Nollag

15th Dec 2022

A chairde,

Tá súil agam gur bhain sibh uilig an-sult as Seó na Nollag s’againn oíche Chéadaoin. Bhí sé go hiontach ar fad chun an pobal scoile s’againn a fheiceáil ag teacht le chéile mar sin den chéad uair le tamall fada. Rinne na páistí obair den scoth le roinnt seachtainí anuas ag foghlaim a gcuid línte agus a gcuid amhrán, agus d’éirigh go hiontach maith ar fad leo ar an oíche. Rinne na múinteoirí agus na cúntóirí obair an-mhór ar fad leis na páistí chun iad a ullmhú agus gabhaim buíochas mór leo. Buíochas mór fosta le Cairde as na sólaistí a chur ar fáil agus as an chrannchur a eagrú, agus ar ndóigh buíochas ollmhór ó chroí le gach gnó agus le gach duine a thug duaiseanna isteach don chrannchur. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil fosta le mamaí Shay i Rang 3 a phriontáil na cártaí Nollag a díoladh aréir ag an seó don chomhairle scoile. Ar deireadh, lig dom mo bhuíochas a ghabháil libh, lenár bpobal scoile, as an tacaíocht dhochreidte a thug sibh dúinn i mbliana go dtí seo. Ar son na foirne anseo ag Naíscoil agus Bunscoil Bheanna Boirche, ba mhaith liom Nollaig mhór mhaith a ghuí oraibh agus athbhliain faoi mhaise.

I hope you all enjoyed our Christmas Show on Wednesday night. It was great to see our school community come together like that for the first time in a long time. The children have done an excellent job over the past few weeks learning their lines and songs, and they did a brilliant job on the night. The teachers and classroom assistants have done some excellent work with the children to prepare them and I thank them very much. A big thank you also to Cairde for providing the refreshments and for organising the raffle, and of course a huge thank you from the bottom of my heart to all businesses and individuals who brought in prizes for the raffle. I'd also like to thank Shay in Rang 3's mum Louise who printed our Christmas cards which were sold for the school council last night. Finally, let me thank you, our school community, for the incredible support you have given us this year so far. On behalf of the staff here at Naíscoil agus Bunscoil Bheanna Boirche, I would like to wish you a very merry Christmas and a happy new year.

Ciarán.