Access Keys:

 
 
Bunscoil Bheanna Boirche Bunkers Hill, Castlewellan

Seachtain na hEolaíochta

18th Nov 2022

Tá roinnt eolaithe iontacha againn anseo i mBunscoil Bheanna Boirche. 

Bhí seachtain iontach againn sa scoil. Chuaigh na ranganna go léir i mbun turgnaimh spreagúla agus rinne siad iniúchadh ar an eolaíocht timpeall orainn. Bhí gníomhaíochtaí difriúla déanta ag gach múinteoir agus gach rang. Bhí muid ag déanamh fiosruithe, ag cur ceisteanna agus ag déanamh tuartha i rith ama. Tá an t-ádh orainn anseo i mBunscoil Bheanna Boirche go bhfuil go leor áiseanna tarraingteacha againn a bhíonn ag tacú lenár bhfoghlaim. 

We have some amazing future scientists here in the school.

We had a great week in the school. All the classes engaged in exciting experiments and explored science all around us. Each teacher and class took part in different activities. We were investigating, asking questions and predicting outcomes throughout. We are very lucky here at Bunscoil Bheanna Boirche to have such great science resources to help support our learning.