Access Keys:

 
 
Bunscoil Bheanna Boirche Bunkers Hill, Castlewellan

Ceannródaíocht in Earnáil na Gaelscolaíochta

5th Oct 2022

Táimid an-bhródúil ar fad as an Mháistreás Máire s’againn a bhí ag roinnt a cuid dea-chleachtais le hearnáil na Gaelscolaíochta ag Comhdháil Chomhairle na Gaelscolaíochta an tseachtain seo caite. Bíonn Máire ag stiúradh cúrsaí TFC sa scoil againn anseo agus tá forbairt nach beag déanta againn thar na blianta ó thaobh cúrsaí teicneolaíochta de faoina ceannasaíocht. Labhair sí ag an Chomhdháil faoi bhogearraí atá in úsáid sa scoil againn anseo le tamall darb ainm Just2Easy. Roinn sí físeáin agus moltaí maidir leis an chlár le múinteoirí Gaelscoile eile. Táimid an-bhródúil go bhfuil múinteoir dá leithéidse againn atá ar thosach an tslua agus atá ábalta eiseamláir iontach a léiriú do mhórphobal na Gaelscolaíochta. Ní neart go cur le chéile!

We’re very proud of our Máistreás Máire who was sharing her good practice last week among other Irish-medium practitioners at Comhairle na Gaelscolaíochta’s annual conference. Máire coordinates ICT here at school and we’ve made some incredible developments over the years due in no small part to her leadership, and we’re very grateful for that. As recent winners of the C2k Excellence Awards, Máire was asked to share her expertise on a programme called Just2Easy that we’ve been using at school for some time now. We’re very lucky to have such a pioneering leader in ICT, leading the way for others in the sector. No strength without unity!