Access Keys:

 
 
Bunscoil Bheanna Boirche Bunkers Hill, Castlewellan

Drámaíocht agus Coirm le R4/5 agus R6/7

15th Mar 2024

Go raibh céad míle maith agaibh uilig a tháinig go Dún Éigse inné le tacú lenár ndaltaí R4/5 agus R6/7. Tráthnóna aoibhinn a bhí ann agus chuir na páistí taispeántas den chéad scoth i láthair ar an ardán. Bhí muid chomh buíoch gur tháinig slua breá amach dúinn chun amharc ar na páistí ag léiriú a gcuid buanna iontacha ar an ardán. Bhí na múinteoirí agus na cúntóirí ranga chomh bródúil as a gcuid iarrachtaí.

Beidh R6/7 ag leanúint ar aghaidh lena gcuid ullmhúchán agus iad ag déanamh réidh do Choirm Gael Linn a bheas ag titim amach in Amharclann Phlás an Mhargaidh, Ard Mhacha ag deireadh na míosa, Dé Máirt 26ú Márta. Beidh siad ar an ardán ag 11.30am. Guímid gach rath orthu. Gabhaimid buíochas le Múinteoir Caoimhe as sárthaispeántas a dhearadh don Choirm, agus le Múinteoir Rachel agus Ruth a chuidigh go mór leis na hullmhúcháin.

Ghlac R4/5 páirt i bhFéile Scoildrámaíochta an Iúir Dé Máirt lena ndráma ‘Oíche Dhraíochta sa Chathair’ agus d’éirigh go hiontach leo. Chuaigh na páistí go mór mór i bhfeidhm ar an mholtóir agus d’éirigh leo ainmniúchán a fháil le dul ar aghaidh go Féile Scoildrámaíochta Uladh, a bheas ar siúl an tseachtain seo chugainn i Leitir Ceanainn. Beidh na páistí ar an ardán in Amharclann an Ghrianáin ag 1.50pm Dé Céadaoin seo chugainn. Arís eile, guímid gach rath orthu. Táimid chomh bródúil gur ainmníodh an scaifte óg seo le dul go Féile Uladh. Comhghairdeas mór le Múinteoir Corinne as an obair mhór atá déanta aici ar na mallaibh leis an scaifte seo, le Múinteoirí Sinéad agus Gráinne, agus le Stephen, Hannah agus Lorna a chuidigh go mór leis an dráma.

Arís a chairde, gabhaim buíochas libh a tháinig amach le tacú linn inné. Chuidigh sibh linn £230 a bhailiú ag an doras a chuideoidh linn le costais taistil do na himeachtaí móra seo atá amach romhainn. Go raibh maith agaibh.

Many thanks to all of you who came to The Lodge yesterday to support our R4/5 and R6/7 pupils. It was a delightful afternoon and the children put on a first-class display. We were so grateful that a big crowd came out to watch the children show off their amazing talents on stage. The teachers and classroom assistants were very proud of their efforts.

R6/7 will be continuing their preparations as they get ready for the Gael Linn concert which will take place in the Market Place Theatre, Armagh at the end of the month, on Tuesday 26th March. They will be on stage at 11.30am. We wish them all the best. We thank Múinteoir Caoimhe for putting together an excellent show for Coirm, and Múinteoir Rachel and Ruth who helped a lot with the preparations.

R4/5 took part in Féile Scoildrámaíochta an Iúir on Tuesday with their play ‘Oíche Dhraíochta sa Chathair' and it was a great success. The children really impressed the judge and received a nomination to go on to the All-Ulster round, Féile Scoildrámaíochta Uladh, which will take place next week in Letterkenny. The children will be on stage next Wednesday in the Grianán Theatre at 1.50pm. Once again, we wish them the best of luck. We are so proud that this young group has been nominated to go to Féile Uladh. Congratulations to Múinteoir Corinne for the great work she has done recently with this show, to Múinteoirí Sinéad and Gráinne, and to Stephen, Hannah and Lorna who have helped a lot with the play.

Again a chairde, thank you for coming out to support us yesterday. You helped us raise £230 at the door which will go towards travel costs for these big events ahead. Thank you.