Access Keys:

 
 
Bunscoil Bheanna Boirche Bunkers Hill, Castlewellan

Dúshlán na mBád

10th Oct 2022

Dúshlán na mBád i Rang a Sé/ Tinfoil boat STEM challenge

 
Rinne muid fiosrúchán eolaíochta inniu bunaithe ar an Titanic. 
Níor tugadh ach píosa scragall stáin amháin do gach foireann agus iarradh orthu bád láidir a chruthú. Smaoinigh muid faoi chruth na mbád agus na fathanna éagsúla a mbíonn báid áirithe ag dul go tóin poill níos gaiste ná cinn eile. B'iomaí dearadh difriúil a bhí déanta ag na páistí: báid mhóra, báid bheaga agus báid chothroma. Rinne na páistí plean mar ghrúpa agus chuaigh muid taobh amuigh chun triail a bhaint astu. D'fhiosraigh muid cá mhéad pingin a thiocfadh leo a thógáil sula ndeachaigh siad go tóin poill. Bhí an bua ag an fhoireann a chruthaigh bád mór agus cothrom, darbh ainm 'Bád Dobháite 2.0'. Is léir go bhfuil cúpla innealtóir againn inár measc. Maith sibh a pháistí! Comhoibriú den chéad scoth a bhí déanta againn inniu!


Today we completed a science investigation based on the Titanic. Each team was given one piece of tinfoil and challenged to make a boat strong enough to hold pennies. We thought about different shapes of boats and how the shape of a boat might influence its ability to remain afloat. There were lots of different designs to see, between big boats, small boats, flat boats and boats with tall sides. The children who created the flattest boat with the biggest surface area (Bád Dobháite 2.0) won the challenge! It is clear that there are some future engineers amongst us. Well done Rang a Sé!