Access Keys:

 
 
Bunscoil Bheanna Boirche Bunkers Hill, Castlewellan

Lá Domhanda na Leabhar

8th Mar 2024

Bhí an-spraoi againn ar scoil inniu agus muid ag ceiliúradh Lá Domhanda na Leabhar. Bhí páistí (agus daoine fásta!) gléasta sna héadaí leapa, agus fiú féin ghlac roinnt againn ár dteidí is fearr linn isteach inniu chun ceiliúradh ceart a dhéanamh ar an léitheoireacht. Bhain muid an-sult go deo as na pictiúir uilig a tháinig isteach le linn na seachtaine don Dúshlán Léitheoireachta, bhí neart de na páistí an-chruthaiteach ar fad. Beidh na múinteoirí ag caitheamh ama thar an deireadh seachtaine seo ag piocadh buaiteoirí óna ranganna chun duais bheag a fháil ag tionól na seachtaine seo chugainn. Agus cuirimid i gcuimhne daoibh, beidh Lá Glas againn ar an Aoine seo chugainn chun Lá Fhéile Pádraig a cheiliúradh sa scoil. Beidh cead ag na páistí gléasadh in éadaí glasa ar an lá sin, agus beidh na páistí saor ón scoil an Luan ina dhiaidh sin, an 18ú Márta.

We had lots of fun at school today as we celebrated World Book Day. Children (and adults!) were dressed in their pyjamas, and some of us even brought in our favourite teddy bears to have a proper celebration of reading. We thoroughly enjoyed looking at the pictures that came in during the week for our Reading Challenge, so many of the children were very creative. The teachers will be spending time over this weekend picking winners from their classes to receive a small prize at next week's assembly. And we remind you, we will have a Green Day next Friday to celebrate St. Patrick's Day in the school. The children will be allowed to dress in green clothes on that day, and we remind you that there will be no school the following Monday, March 18th.