Access Keys:

 
 
Bunscoil Bheanna Boirche Bunkers Hill, Castlewellan

Lá Roald Dahl

16th Sep 2022

Bhí Lá Roald Dahl ann Dé Máirt an tseachtain seo agus rinne muid ceiliúradh mór ar an údar clúiteach ar scoil Dé hAoine nuair a tháinig na daltaí isteach agus iad gléasta mar na carachtair is fearr leo ón scríbhneoir. Bhí atmaisféar galánta thart fán scoil Dé hAoine leis na páistí uilig gléasta ina gcultacha éagsúla, agus rinne siad neart gníomhaíochtaí taitneamhacha sna ranganna le linn an lae. Chomh maith leis sin, bhí comórtas mór ealaíne againn le linn na seachtaine seo bunaithe ar Roald Dahl. Rinne gach dalta sár-iarracht ar fad ach comhghairdeas mór speisialta leis na buaiteoirí ó gach rang, maith sibh uilig!

It was Roald Dahl Day on Tuesday this week and we had a big celebration of the famous author on Friday at school with our pupils coming in dressed up as their favourite Dahl characters. We had a lovely atmosphere about the school on Friday with the pupils all dressed up in their lovely costumes, and there were plenty of fun activities going on in the classrooms too, as you can see from the photographs. We also had a big art competition going on this week based on the theme of Roald Dahl. All of our pupils made an excellent effort, but special congratulations must go to the winners from each class! An Léitheoireacht Abú!