Access Keys:

 
 
Bunscoil Bheanna Boirche Bunkers Hill, Castlewellan

Obair mhór an mhata i Rang 6

24th Oct 2022

Bhí obair mhór an mhata déanta ag páistí Rang 6 ar na mallaibh! Dhírigh muid isteach ar na fíricí roinnte inbheartaithe agus leis an eolas sin daingnithe againn anois, tá muid ag obair go crua chun codáin d'uimhreacha a aimsiú!
Is breá linn a bheith ag déanamh mata faoin spéir chomh maith! Rinne muid rás sealaíochta taobh amuigh ina raibh sé ar na páistí clocha a aimsiú sa chlós agus an tsuim roinnte a bhí scríofa orthu a oibriú amach ag úsáid an eolais a bhí acu ar na hiolraithe. D'éirigh siad go geal leis! 
Chomh maith leis sin, bhí smaointeoireacht matamaiticiúil den chéad scoth le cloisint agus muid ag déanamh dúshláin LEGO bunaithe ar na codáin. Scileanna matamaiticiúla faoi bhláth agus muid i mbun súgartha! 

The children in Rang 6 have been working very hard in maths recently! We were focusing on division as the inverse of multiplication and now that we have consolidated this knowledge, we are working hard on finding fractions of numbers. 
We love doing maths outside in R6! The class completed a relay race in which they had to gather division stones and use their knowledge of the multiplication facts to solve the division problems. On top of this, there was lots more mathematical reasoning and creative thinking to be heard, as the children worked hard in pairs to complete a LEGO activity which challenged them to find fractions of amounts. Our math skills have been blossoming while we are at play!