Access Keys:

 
 
Bunscoil Bheanna Boirche Bunkers Hill, Castlewellan

Slán agus Beannacht le Rang 7

22nd Jun 2022

D’fhág muid slán le daltaí Rang 7 an tseachtain seo le tionól imeachta oíche Mháirt. Oíche ghalánta a bhí ann. Roinn na páistí a gcuimhní cinn is fearr óna gcuid ama ag Bunscoil Bheanna Boirche agus cheol siad cúpla amhrán deas. Bhí neart gáire agus cúpla deoir. Guímid gach rath agus bláth ar ár gcairde agus iad ag tosú ar an mheánscoil i ndiaidh an tsamhraidh. Bhronn muid cúpla gradam speisialta ar an oíche chomh maith. Comhghairdeas mór le Caolán agus le Kevin a bhain Gaeilgeoir na Scoile, agus le Fiachna agus Darragh a bhain Spiorad na Scoile. Tá muid chomh bródúil as na daltaí ar fad. Ádh mór oraibh a chairde.

We bid farewell to our Rang 7 pupils with their leavers’ assembly on Tuesday night. It was a lovely evening. The children shared some of their favourite memories from their time with us at Bunscoil Bheanna Boirche and they sang a couple of lovely songs. We wish our friends all the very best as they begin high school after the summer break. We also gave out two very special awards on the night. Congratulations to Caolán and Kevin who won Gaeilgeoir na Scoile, and to Fiachna and Darragh who shared the Spiorad na Scoile award. We’re very proud of all of the pupils.