Access Keys:

 
 
Bunscoil Bheanna Boirche Bunkers Hill, Castlewellan

Slán le Rang 7!

29th Jun 2026

Bhí ócáid mhór speisialta againn an tseachtain seo caite ag tionól imeachta Rang 7. D’ullmhaigh na páistí roinnt de na cuimhní cinn is fearr leo óna gcuid ama anseo ag Naíscoil agus Bunscoil Bheanna Boirche le roinnt lena ngaolta, agus bhí cúpla dán agus cúpla amhrán againn chomh maith. Buíochas mór le gach duine a tháinig chuig an tionól imeachta le tacú leis na páistí ar an oíche speisialta seo. Maith iad na páistí as an obair mhaith a rinne siad ag ullmhú don tionól. Agus buíochas mór ó chroí le Múinteoir Jervis agus na cúntóirí ranga as an obair ar fad a rinne siad ag ullmhú don tionól, agus ar ndóigh as an tsárobair atá déanta acu leis an rang ar fad i mbliana. Fuair na daltaí geansaí speisialta chun a gcuid ama ar Naíscoil agus Bunscoil Bheanna Boirche a cheiliúradh, agus gabhaimid buíochas mór le Cairde as an tacaíocht leis na geansaithe. Guímid gach rath agus dea-bheannacht ar ár gcairde agus iad ag glacadh an chéad chéim eile seo ina n-aistir oideachais i ndiaidh dóibh sos maith a bheith acu don tsamhradh.

We had a lovely event last week at the Rang 7 leavers’ assembly. The children prepared some of their favourite memories from their time here at Naíscoil agus Bunscoil Bheanna Boirche to share with their family, and we also had some lovely poems and songs. A big thank you to everyone who came to support the children at this special assembly. Well done to the children who did a very good job preparing for the assembly. And a big thank you to Múinteoir Jervis and the classroom assistants for all the work they did preparing for R7's leavers' assembly, and of course for the great work they have done with the whole class over the course of this year. Our pupils received their special leavers' hoodies this week too, and we'd like to thank our PTA Cairde for their continued support with subsidising the cost of the hoodies. We wish our friends all the best as they take this next step in their educational journey after their well-earned summer break.