Access Keys:

 
 
Bunscoil Bheanna Boirche Bunkers Hill, Castlewellan

Sárlaochra Spóirt

29th Feb 2024

Táimid chomh bródúil as na páistí uilig a bhí amuigh ag imeachtaí spóirt ar son na scoile ar na mallaibh.

Comhghairdeas mór speisialta lenár gcara Harry ó Rang 6. Tháinig sé sa chéad áit sa rás craoibhe de chuid Sraith Flahavan's an tseachtain seo caite ar an Mhaigh Bhloisce. Rith sé, mar a ritheann i gcónaí, le croí mór maith agus bhí sé go hiontach go raibh muid ábalta scaifte beag a ghlacadh chun tacaíocht a thabhairt dó agus é ag rith isteach chun an bonn óir a bhaint.

Mar scoil, ba mhaith linn buíochas mór a ghabháil le Connaire, Siobhán agus Michelle atá ag tabhairt tacaíocht mhór dár reathaithe trastíre le roinnt mhaith blianta anois, chomh maith leis na tuismitheoirí uilig a bhíonn ag cuidiú le taisteal agus le tacaíocht do na páistí.

Bhí foireann bheag againn amuigh ag tús na seachtaine seo chomh maith don tráth na gceist de chuid Chumann na mBunscol agus rinne siad an-iarracht.

Agus d'éirigh go glégheal le buíon cailíní ó Rang 6/7 ar na mallaibh chomh maith ag bliotzanna camógaíochta. D'éirigh lenár gcailíní áit a bhaint amach sa cheannais chontae agus arís eile, d'imir siad le croí mór maith, le crógacht agus le misneach. Bhí muid an-bhródúil go deo astu. Ba mhaith liom an seans seo a ghlacadh chun buíochas a ghabháil le Danny atá ag glacadh seisiúin iománaíochta leis na páistí níos sine sa scoil, le Rory a bhíonn ag obair leis na páistí níos óige, agus focal eile buíochais do Rachel agus Stephen a chuireann go mór le cúrsaí spóirt sa scoil.

Buíochas ar deireadh le lucht eagraithe na rásanna agus le lucht eagraithe Chumann na mBunscol. Obair mhór a théann isteach chun na himeachtaí seo a reáchtáil agus chun na heispéiris seo a thabhairt dár bpáistí, agus táimid an-bhuíoch go mbíonn na seansanna sin acu.

 

We are incredibly proud of all the children who have been out at sporting events for the school recently.

A big special congratulations to our friend Harry from Rang 6. He came first in the championship race of the Flahavan's Series last week in Mallusk. He ran, as he always does, with a big heart and it was great that we were able to take a group of his friends to support him as he ran in to win the gold medal. Read all about it in this week's Mourne Observer!

As a school, we would like to say a big thank you to Connaire, Siobhán and Michelle who have been giving great support to our cross-country runners for many years now, as well as to all the parents who help with travel and support for the children at these events throughout the year.

We also had four pupils out earlier this week for the Cumann na mBunscol quiz in Kilcoo, and they made a great effort with some pretty tricky questions.

A group of our girls from Rang 6/7 recently also had great success at camogie blitzes. Our girls managed to achieve a place in the county final for the indoor camogie and once again, they played with great heart, bravery and courage. We were very proud of them. I would like to take this opportunity to thank Danny who is taking hurling sessions with the older children in the school, Rory who works with the younger children, and another word of thanks to Rachel and Stephen who make such a big contribution to our sports provision at school.

Finally, a word of thanks to the organisers of these races and events and to members of Cumann na mBunscol. A lot of work goes into running these events and giving our children these experiences, and we are very grateful that they have these opportunities.

Coinnígí oraibh a chairde, maith sibh.